Tairseach um Iarratas ar Dheimhniú Téarnaimh Covid-19
Is féidir leat an fhoirm seo a úsáid chun teastas (ar a dtugtar deimhniú téarnaimh) a iarraidh, chun cruthú go bhfuil tú tar éis téarnamh ó COVID-19 laistigh de 6 mhí anuas.
Is féidir leat deimhniú téarnaimh a iarraidh má fuair tú toradh tástála dearfach COVID-19 (RT-PCR nó ‘NAAT’) níos mó ná 11 lá ó shin. Beidh do theastas bailí ar feadh 180 lá tar éis lá an toraidh tástála dhearfaigh.
Nuair a líonann tú isteach na sonraí thíos, gheobhaidh tú do dheimhniú laistigh de 5 lá trí ríomhphost.
Úsáidimid na sonraí seo a leanas chun tú a mheaitseáil le do thástáil, mar sin cinntigh go gcuireann tú na sonraí cearta isteach: :
*Dáta Breithe
*Uimhir UPSP
*uimhir fóin phóca